Child Protection

Polasaí um Chaomhnú Leanaí – Coláiste an Phiarsaigh (2019)

Glacann an Coiste leis go bhfuil fíorthábhacht le caomhnú leanaí agus leas leanaí maidir le gach gné de shaol an choláiste agus nach mór sin a bheith le sonrú ar pholasaithe, modhanna oibre agus beartaíocht uile an choláiste. Dá réir sin, ag teacht lena n-éilítear faoi Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Scoileanna Iarbhunscoile (2011) na Roinne Oideachais & Scileanna), tá an polasaí seo a leanas maidir le caomhnú leanaí aontaithe ag Coiste Choláiste an Phiarsaigh.

1 Tá glactha ag an Choiste le Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Scoileanna Iarbhunscoile (2011) na Roinne agus déanfar a gcur i bhfeidhm go hiomlán, gan athrú gan leasú, mar chuid den pholasaí ginearálta maidir le caomhnú leanaí.

2 An Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA): Lisa Nic Phaidín 

3 An Leas-Dhuine Idirchaidrimh Ainmnithe (Leas-DIA) Fionntán Ó Tuathail

4 I ndáil le polasaithe, modhanna oibre agus beartaíocht de chuid Choláiste an Phiarsaigh cloífear leis na prionsabail seo a leanas den dea-chleachtas maidir le caomhnú agus leas leanaí:

Déanfaidh an Coláiste:

• glacadh leis go bhfuil fíorthábhacht le caomhnú leanaí agus leas leanaí, tar éis gach taobh den scéal a chur san aireamh;

• comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis chuí faoin reachtaíocht maidir le caomhnú leanaí agus cúrsaí leasa leanaí;

• gnásanna sábháilte a ghlacadh chuici féin d’fhonn an dóigh go dtarlódh dochar nó tionóisc do leanbh a mhaolú oiread agus is féidir agus an lucht oibre a chosaint ó chall dul i mbaol nach gá a bhféadfadh gurb é toradh a bheadh air go gcuirfí drochúsáid nó faillí ina leith;

• gnás ionracais a thabhairt chun cinn le tuismitheoirí agus iad a spreagadh a bheith rannpháirteach in oideachas a gcuid leanaí;

• meas iomlán a léiriú ar riachtanais rúndachta agus í ag déileáil le cúrsaí caomhnaithe leanaí.

CÓD IOMPAIR

Ag tús an chúrsa mínítear rialacha an choláiste do na scoláirí agus an fáth a bhfuil rialacha ann.

• Cuirtear béim ar thábhacht dea-iompair, dea-bhéasa agus comhoibriú.
• Cuirtear in iúl an tábhacht a bhaineann le cúrsaí sábháilteachta agus slándála.
• Cuirtear ina luí orthu an fhreagracht atá orthu féin i leith a gcuid foghlama.
• Cuirtear in iúl do na scoláirí go gcaithfidh siad a bheith sna tithe ar a deich a chlog gach oíche agus nach ceadmhach dóibh an teach lóistin a fhágáil go dtí an mhaidin dar gcionn. ( Scoláirí atá faoi 18 mbliana)
• Cuirtear ina luí orthu go bhfuil cosc ar thobac, go bhfuil cosc ar alcól, go bhfuil cosc ar dhul isteach in aon áit a ndíoltar deochanna meisciúla inti. (Scoláirí atá faoi 18 mbliana)
• Cuirtear ina luí orthu go bhfuil cosc ar dhrugaí agus ar aon substaint mhídhleathach eile agus mínítear dóibh na himpleachtaí a bhaineann le sarú na rialacha seo.
• Cuirtear in iúl dóibh go bhfuil cosc ar fhóin póca ag amanna áirithe.
• Meabhraítear dóibh go gcaithfidh siad a gcuid fón póca a fhágáil i seilbh bhean an tí gach oíche tar éis an tsuipéir. Mínítear dóibh an chúis a bhfuil an riail seo ann: le príobhaideacht scoláirí a chosaint. (Scoláirí atá faoi 18 mbliana)

RIAIL NA GAEILGE
I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin

Cuirtear an-bhéim ar labhairt na Gaeilge agus ar shealbhú ár n-oidhreachta. Déanann gach ball den fhoireann gach iarracht scoláirí a mhealladh chun na Gaeilge. Is le mealladh agus le spreagadh a chuirfear riail na Gaeilge i bhfeidhm. Mol iarracht an scoláire i dtólamh.

I gCÁS GEARÁIN

Ní mór tús áite a thabhairt do shábháilteacht an scoláire le linn an chúrsa.
Ní mór uimhreacha práinne a thabhairt do na scoláirí ag tús gach cúrsa.

1 Uimhreacha Éigeandála
2 Uimhir an Phríomhoide
3 Uimhir Bhean an Tí

Ní mór a bheith cinnte go dtuigeann na scoláirí gur féidir leo caint leis an iliomad daoine má bhíonn aon rud ag cur as dóibh le linn an chúrsa:

1. An t-Ardmháistir
2. Bean an tí
3. Múinteoir
4. Ceannaire

Má dhéanann an scoláire gearán le haon duine thuas ní mór an scéal a chur faoi bhráid an phríomhoide.

Ní mór éisteacht iomlán a thabhairt d’aon scoláire a thagann chugat le gearán.

Ní mór d’údárais an choláiste gach scéal a fhiosrú go hiomlán agus na Gardaí a chur ar an eolas más gá.

COD IN ÉADAN BULAÍOCHTA

• Aithnímid go bhfuil sé de cheart ag gach scoláíre faoinár gcúram sult agus tairbhe a bhaint as ár gcuid cúrsaí. Tá sé de cheart acu é seo a dhéanamh saor ó imeaglú de chineál ar bith.
• Tarlaíonn easaontais agus míthuiscintí ó am go chéile ag tús cúrsa nuair a bhíonn scoláirí ag socrú isteach agus ní mór idirdhealú a dhéanamh idir eachtraí mar sin agus gníomh bulaíochta.
• Tugtar eolas dár gcuid scoláirí ag tús an chúrsa faoin pholasaí atá againn chun iad a chosaint in éadan bulaíochta.
• Is gníomh tromchúiseach é bulaíocht agus ní mór d’údárais an choláiste gach líomhain a fhiosrú.
• Ní mór éisteacht a thabhairt do gach taobh den scéal agus cothrom na Féinne a thabhairt do gach scoláire.
• Ní mór tuismitheoirí an scoláire a chur ar an eolas faoi aon eachtra bulaíochta.
• Ní mór do gach ball den fhoireann aon líomhain bulaíochta a chur faoi bhráid an phríomhoide.

Tá na leabhar ‘Tús Áite Do Leanaí: Treoir Náisiunta Um Chosaint Agus Leas Leanaí’ agus ‘Ár nDualgas Cúraim’ Prionsabail an Dea-Chleachtais Chun Cosaint a thabhairt do Leanaí agus Do Dhaoine Óga’ mar bhunchloch dár gcuid nósanna imeachta sna cúrsaí seo.

POLASAÍ I LEITH ROLLAÍ

TÁ CRUINNEAS ROLLAÍ FÍORTHÁBHACHTACH

ROLLAÍ OIFIGIÚLA NA ROINNE OIDEACHAIS

• Ní mór rollaí oifigiúla na Roinne Oideachais a líonadh dhá uair sá lá, ar maidin ar a 10.00 agus san iarnóin ar a 3.00
• Ní mór don mhúinteoir an rolla a choinneáil ó thús deireadh an chúrsa agus é a chur ar fail am ar bith is gá sin a dhéanamh.
• Ní mór don mhúinteoir an rolla a fhágáil in oifig an phríomhoide i ndiaidh na ranganna gach lá agus é a bhailiú an mhaidin dar gcionn.
• Ní mór don mhúinteoir a rolla féin a choinneáil suas chun dáta.

ROLLAÍ NEAMHOIFIGIÚLA

• Ní mór rollaí neamhfhoigiúla a sheiceáil ag amanna eile áfach, mar shampla:
• roimh dhul ar thuras agus roimh theacht ar ais.
• roimh dhul go dtí an trá agus roimh theacht ar ais.
• ag tús an chéilí.

ROLLAÍ SNA TITHE
( Scoláirí atá faoi 18 mbliana)

• Tá rollaí ar fáil sna tithe. Síníonn gach scoláíre an rolla nuair a théann siad ar ais go dtí an teach tar éis an chéilí gach oíche.
• Ní mór don mhúinteoir a dhéanann cuairt na dtithe seiceáil a dhéanamh go bhfuil an rolla sínithe ag na scoláírí. Ní mór dó/di fosta an rolla a shíniú.

TÁ SÉ AN-TABHACHTACH NACH MBEIDH AON DUINE AS LÁTHAIR GAN FIOS A BHEITH AGAINN.

I gCÁS GALAIR THÓGÁLAIGH

• Má chuirtear in iúl d’údárais an choláiste go bhfuil baol galair thógalaigh ann ní mór d’údárais an choláíste eolas agus comhairle a lorg ó na seirbhísí sláinte láithreach bonn.
• Ní mór d’údárais an cloláiste beart a dhéanamh láithreach bonn de réir na comhairle sin.
• Is é an príomhoide an t-aon duine a dhéanfas teangbháíl leis an Údáras Sláinte.
• Glacfaidh agus cloífidh údárais an choláiste go huile is go hiomlán le comhairle na n-údáras sláinte.

SÁBHÁILTEACHT

Oifigeach Sláinteachais & Slándála: Fionntán Ó Tuathail

AR AN TRÁ

• Ní mór don mhúinteoir an rolla a sheiceáil roimh dhul go dtí an trá.
• Níl cead ag scoláirí dul isteach san uisce mura bhfuil múinteoir/ceannaire ina gcuideachta.
• Ní mór do mhúinteoirí / cheannairí atá ag maoirseoireacht ar an trá súil ghéar a choinneáil ar na scoláirí i rith an ama.
• Ba choir feadóg a bheith ag gach ball den fhoireann atá ag obair ar an trá.
• Ní mór do na múinteoirí agus do na ceannairí a bheith ag siúl thart i measc na scoláirí.

AR NA BÓITHRE

• Ní mór scoláirí a chur ar an eolas maidir le rialacha an bhóthair.
• Má bhíonn múinteoirí/ceannairí ag siúl i gcuideachta na scoláirí, mar shampla: ar an bhealach go dtí Ionad Cois Locha nó ar shiúlóid eagraithe ní mór dóibh na veisteanna sofheicthe atá ar fáil sa choláiste a chaitheamh.

MAIDIR LE SÚRFÁIL

Is é príomhról na dteagascóirí surfála ná feitheoireacht a dhéanamh le linn do na scoláírí a bheith ag surfáil san uisce.

Ní ceadmhach do scoláirí dul ag surfáil mura gcaitheann siad seacáid tarrthála.

MAIDIR LE SPÓRT

Tá múinteoir ainmnithe i gceannas ar imeachtaí spóirt.
• Ní mór seiceáil a dhéanamh ar na rollaí ag tús agus ag deireadh imeachtaí spóirt.
• Níl cead ag an scoláire an t-ionad spóirt a fhágáil le linn imeachtaí.
• Ní mór do mhúinteoirí agus do cheannairí dianmhaoirseoireacht a dhéanamh le linn imeachtaí spóirt.
• Ní cóir iachall a chur ar aon scoláire páirt a ghlacadh in aon spórt.
• I gcás taismí, féach an polasaí faoi thaismí.

MAIDIR LE CÉILÍ

• Tá múinteoir ainmnithe i gceannas ar an chéilí.
• Tá múinteoir/ceannaire ainmnithe le dul i gceannas ar an gcóras fuaime.
• Ní mór seiceáil a dhéanamh ar na rollaí ag tús an chéilí.
• Níl cead ag scoláirí an halla a fhágáil le linn an chéilí gan ceannaire ná múinteoir a bheith ina gcuideachta.
• Ní mór do mhúinteoirí agus do cheannairí dianmhaoirseoireacht a dhéanamh le linn an chéilí.

MAIDIR LE TURAIS

• Ní mór a bheith cinnte go bhfuil na huimhreacha práinne ag gach scoláire roimh dhul ar thuras.
• Ní mór do mhúinteoirí rollaí a ghlacadh roimh dhul ar thuras.
• Ní mór do mhúinteoirí rollaí a ghlacadh i ndiaidh theacht ar ais ón turas.
• Ní mór do gach duine ar an bhus crios sábhala a chur air féin.

POLASAÍ MAIDIR LE TAISMÍ

Caithfidh múinteoirí agus ceannairí aire chiallmhar a thabhairt do na scoláirí chun a chinntiú nach dtarlaíonn aon ghortú a mbeadh coinne leis. Tá sé de dhualgas ar gach múinteoir na scoláirí a chosaint ar aon chontúirt, gortuithe pearsanta nó díobháil a mbeadh coinne leis. Tarlaíonn taismí áfach agus ní mór nós imeachta a bheith againn.

I gCÁS MIONTHAISMÍ – TITIM SA CHLÓS MAR SHAMPLA

• Ní mór aire a thabhairt don duine atá gortaithe.
• Ní mór an duine a chur ar a shuaimhneas
• Ní mór coir leighis a cur orthu – plastar nó pacoighear de réir mar is gá.
• Ní mór cuntas scríofa ag tabhairt sonraí faoin taisme a chur sa leabhar dearg a luaithe agus is féidir.

I gCÁS DROCHTHAISME

• Ní mór don mhúinteoir/cheannaire atá i láthair fanacht i gcuideachta an duine atá gortaithe.
• Ní mór fón a chur ar na seirbhísí éigéandála láíthreach agus glacadh lena gcuid comhairle.
• Ní mór fón a chur ar an Ard-mháistir.
• Ní mór don phríomhoide tuismitheoirí an scoláíre a chur ar an eolas.
• I ndiaidh na taisme ní mór don mhúinteoir a bhí i láthai, an fhoirm “Tuairisc ar Thimpiste” a líonadh ag tabhairt sonraí faoin taisme.

Cinnteoidh an Príomhoide go mbeidh roinnt boscaí garchabhrach le soláthar cuí ar fáil don fhoireann i gcónaí le:
• Greimlíní (plástair a ghreamaíonn)
• Frith-hiostaimín do chealga & rl.
• Téip
• Dífhabhtán (m.sh.) savlon
• Lóis súl (m.sh.) Obtrex
• Uachtar antaiseipteach
• Bindealáin cadáis
• Uachtar do gharchabhair ar dhó
• Cuimilteán antaiseipteach
• Siosúr
• Cairt garchabhrach

Agus go mbeidh pacoighear ar fáil i gcónaí agus go mbeidh teacht ag an bhfoireann air.

POLASAÍ DÓITEÁIN

(i) Cinnteoidh an Coiste go mbeidh soláthar cuí de mhúchtóirí dóiteán ar fáil, a bheadh oiriúnach don sórt tine a d’fhéadfadh tarlú in áit faoi leith, ainmneofar iad agus déanfaidh duine cáilithe agus údaraithe seirbhís orthu go rialta. Beidh treoracha ar gach múchtóir dóiteáin.
(ii) Cinnteoidh an Príomhoide go mbeidh cleachtadh éalaithe tine ann ar an chead lá agus uair amháín eile i rith an chúrsa.
(iii) Beidh aláraim doiteán marcáilte go soiléir. (freagracht ar an phríomhoide.)
(iv) Beidh comharthaí le feiceáil go soiléir chun a chinntiú go mbeidh cuairteoirí ar an eolas mar gheall ar na doirse agus ar na bealaí amach. (freagracht ar an phríomhoide.)
(v) Coimeádfar gach doras, pasáiste agus slí isteach saor ó chonstaic agus beifear ábalta é a oscailt ó laistigh den fhoirgneamh ag aon am. Cinnteoidh aon mhúinteoir, a bhfuil slí amach suite sa seomra ranga aige / aici, go gcoimeádtar saor ó chonstaic an tslí amach sin. Tá sé de dhualgas ar an bPríomhoide a chinntiú go mbíonn doras an halla agus an príomhdhoras saor ó chonstaic.
(vi) Beidh comharthaí slí amach marcáilte go soiléir.
(vii) Tá an Príomhoide / Rúnaí, mar is cuí, freagrach as an oifig.
(viii) Tá gach múinteoir freagrach as a sheomra féin.
(ix) Beidh an Príomhoide freagrach as cleachtaí éalaithe ó thine agus na nósanna imeachta le haghaidh éalaithe.

• Ní mór na doirse/bealaí éalaithe a thaispeáint do na scoláirí agus don fhoireann ar an chéad lá.
• Le linn na druile ní mór do na scoláírí an foirgneamh a fhágáíl go ciúin i gcuideachta an mhúinteora agus a mbealach a dhéanamh go dtí an áit chruinnithe.
• Ní mór don mhúinteoir an rolla a sheiceáil agus seiceáíl go bhfuil na scoláirí a bhí i láthair nuair a glaodh an rolla ar maidin fós i láthair.
• Ní cheadaítear d’aon duine an láthair chruinnithe a fhágáil go dtí go gceadaítear é.

Tá sé cinntithe ag an Choiste go bhfuil na polasaithe, prótacail nó cleachtais, de réir mar is cuí, curtha i bhfeidhm i ndáil le gach ceann de na rudaí thuasluaite.

Cuireadh an polasaí seo ar fáil do fhoireann an Choláiste agus tá sé ar fáil go héasca ag tuismitheoirí ach cóip de a iarraidh sa choláiste féin. Mar aon leis sin, cuirfear cóipeanna de Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (2011) agus Ár nDualgais Cúraim ar fáil do gach ball foirne. Tá sé mar dhualgas ar gach ball foirne é/í féin a chur ar an eolas maidir leis na treoracha is na nósanna imeachta sin agus cloí leo dá réir. Cuirfear cóip den pholasaí seo ar fáil don Roinn Oideachais & Scileanna sa chás go n-iarrtar é.

Déanfaidh an Coiste an polasaí seo a thabhairt faoi athbhreithniú uair in aghaidh na scoilbhliana.

Ghlac an Coiste leis an pholasaí seo ar an 15 – 04 – 19

Síniú: Fionntán Ó Tuathail Síniú: Lisa Nic Phaidín 
Cathaoirleach an Choiste Ardmháistir

Dáta: 15 – 10 – 21 Dáta: 15 – 10 – 21